Native Irish Honey Bee Society – Apis mellifera mellifera

Native Irish Honey Bee Society
Apis mellifera mellifera

Tá an t-iarchraoltóir in RTÉ, an t-iriseoir Seán Ó Tuairisg, tar éis bháis.

Tá an t-iarchraoltóir in RTÉ, an t-iriseoir Seán Ó Tuairisg, tar éis bháis. Bhí sé 78 bliain d’aois.

B’as an Lochán Beag, Indreabhán, i gCois Fharraige Seán Ó Tuairisg agus bhí sé ar dhuine de na chéad chraoltóirí a raibh a nglórtha le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta i 1972.

Bhí sé páirteach san fheachtas ar son raidió Gaeltachta sna blianta roimhe sin agus i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.

Bhí Seán Ó Tuairisg ar an gcéad láithreoir ag an gclár nuachta agus cúrsaí reatha Adhmhaidin i 1986 agus bhí sé de cháil air go gcuireadh sé ceisteanna crua ar pholaiteoirí na linne.

The former broadcaster in RTÉ, the journalist Seán Ó Tuairisg, has died. He was 78 years old.

Seán Ó Tuairisg was from Lochán Beag, Indreabhán, by the Sea and was one of the first broadcasters whose voice was heard on Raidió na Gaeltachta in 1972.

He was involved in the campaign for Gaeltacht radio in previous years and in the Gaeltacht Civil Rights Movement.

Seán Ó Tuarisg was the first presenter of the news and current affairs program Adhmadhain in 1986 and he had a reputation for asking tough questions of the politicians of the time.

Leave a Reply